Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2022 > June

03/06/2022 - North West to mark St Colmcille Feast Day as 1500th celebrations come to a close

 Colmcille Turas

 

 

Plans are in place to mark the Feast Day of St Colmcille/Columba with a series of events taking place across the North West region on Thursday 09 June.

 

The events are being organised in joint partnership with Derry City and Strabane District Council, Donegal County Council and other partners, as part of the final celebration of the Colmcille 1500 programme of activities that were organised to celebrate the life of the Saint.

 

Two special Feast Day Masses  will be celebrated on 09 June, one in St Eunan’s Cathedral in Letterkenny, celebrated by the Bishop of Raphoe and broadcast on the RTÉ News Channel at 10.30am, and the second one celebrated by the Bishop of Derry from St. Columba’s Church, Long Tower, at 7.30pm.

 

A special Colmcille pageant entitled:  ‘An Turas-The Journey’ will take place after the Mass in Long Tower and the traditional Feast Day Blessing at St Columb’s Well on Thursday 09 June at 8.30pm. Delivered by the North West Carnival Initiative, in collaboration with In Your Space and Greater Shantallow Arts, this celebratory pageant is commissioned by Derry City and Strabane District Council and funded by the North West Development Fund, and will explore Colmcille’s life and legacy from his Donegal beginnings, the establishment of his monastery in Derry through to the Battle of Cúl Dreimhne and his banishment to Iona. This unique performance will feature dance, theatrical poetry readings, installations and the finest of local traditional musicians.

 

St Augustine’s Church is celebrating 150 years since it was consecrated on 9th June 1872 with a special Feast Day performance by Opera Hibernia at 7.30pm. Tickets and further details are available at: https://www.eventbrite.co.uk/e/st-augustines-150th-anniversary-concert-tickets-345622314647?fbclid=IwAR133k7oIP4RSSqGKvnyMK1viXxI1Pj5ghYiwmMht9PVKJjU9oNTXa7yY6I

 

The Alley Theatre in Strabane will play host to the Battle of Knockavoe Anniversary Exhibition 1522-2022 from 4th June to 22nd July, commemorating the 500th Anniversary of the battle between the O'Donnell’s of Donegal and the O'Neill’s of Tyrone.  The exhibition includes a nod to Colmcille, who one thousand years before, was born into the Cénell Conaill, of whom the O'Donnell dynasty descended from.  Manus O’Donnell who led the troops into Knockavoe, was responsible for producing an important book of Colmcille’s life and commissioning the building of churches in Gartan and Kilmacrennan, of which ruins still remain today.

 

Other events planned in Donegal include a ‘Celebration of St. Columba's Life and Ministry’ at St. Colmcille's Abbey in Churchtown/Rath Cnó, Gartan, on Sunday 05 June at 3pm,  that will be attended by the Church of Ireland Bishop  of Derry and Raphoe, Rt Rev Andrew Forster and will  include music and children’s activities.

 

County Donegal Heritage Office has produced Illuminating Colmcille / Léargas ar Cholm Cille’ , a colouring book to mark the Colmcille 1500 commemorations which highlights some of the heritage sites, places, objects and archives associated with St. Colmcille’s life and legacy.  In the lead-up to the Feast Day, free copies are being made available from local libraries or you can download a digital version at www.donegalcoco.ie/heritage.  Copies have also been distributed to all 23 primary schools named after the Saint across the two Council areas.

 

Donegal Library Service has released a very special illustrated comic produced as part of a Colmcille Digital Folklore Project by schools in Donegal and Derry in partnership with Libraries NI.  The comic takes a light-hearted look at the folklore and legends of the Donegal saint. Copies are available in local libraries or you can download a copy at: https://www.donegallibrary.ie/media/donegal-library/contentassets/files/pdflibrary/Colmcille%201500%20FINAL.pdf

 

A number of other community and church led events to mark this important Feast Day will be held across the North West including a number of religious services at local churches and holy wells. Any further information will be available on the Colmcille Facebook page – www.facebook.com/Colmcille1500NW

 

 

An tIarthuaisceart le ceilúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Colm Cille agus deireadh ag teacht le himeachtaí ceilúrtha 1500 bliain

 

Tá pleananna á ndéanamh le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Colm Cille le sraith imeachtaí ar siúl ar fud an Iarthuaiscirt Déardaoin 09 Meitheamh.

 

Tá na himeachtaí á n-eagrú i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, Comhairle Contae Dhún na nGall agus páirtithe eile, mar chuid de cheiliúradh deireanach chlár imeachtaí Cholmcille 1500 a eagraíodh le beatha an Naoimh a cheiliúradh.

 

Léifear dhá Aifreann Féile speisialta ar 09 Meitheamh, ceann acu in Ardeaglais Naomh Adhamhnán i Leitir Ceanainn, a léifidh Easpag Ráth Bhoth agus a chraolfar ar Chainéal Nuachta RTÉ ar 10.30am, agus an ceann eile a léifidh Easpag Dhoire ó Eaglais Cholm Cille, an Túr Fada, ar 7.30pm.

 

Beidh glóir-réim speisialta Cholm Cille darb ainm:  ‘An Turas-The Journey’ ar siúl i ndiaidh an Aifrinn sa Túr Fhada agus Beannacht thraidisiúnta na Féile ag Tobar Cholm Cille Déardaoin 09 Meitheamh ar  8.30pm. Déanfaidh Togra Carnabhail an Iarthuaiscirt an ghlóir-réim cheiliúrtha a chur i láthair, i gcomhar le In Your Space agus Ealaíona Mhórcheantar an tSeantalaimh. Comhairle Chathair Dhoire agus Comhairle Cheantar an tSratha Báin a choimisiúnaigh an ghlóir-réim agus Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt a mhaoinigh é, agus breathnóidh sí ar shaol agus ar oidhreacht Cholm Cille óna óige i nDún na nGall, bunú a mhainistreach i nDoire ar aghaidh go dtí Cath Chúil Dreimhne agus a dhíbirt go hOileán Í. Sa chur i láthair ar leith seo beidh damhsa, sleachta drámatúla filíochta, suiteálacha agus scoth na gceoltóirí traidisiúnta áitiúla.

 

Tá Eaglais Naomh Agaistín ag ceiliúradh 150 bliain ó coisriceadh í ar 9 Meitheamh 1872 le cur i láthair speisialta don Fhéile le Opera Hibernia ar 7.30pm. Tá ticéid agus tuilleadh sonraí ar fáil ag: St Augustine's 150th Anniversary

 

In Amharclann Alley ar an tSrath Bán beidh Taispeántas Chuimhneachán Chath Chnoc an Bhogha 1522-2022 ó 4 Meitheamh go 22 Iúil, ag comóradh chuimhneachán 500 bliain an chatha idir Clann Uí Dhónaill Thír Chonaill agus Clann Uí Néill Thír Eoghain.  Luaitear Colm Cille sa taispeántas nó míle bliain roimhe sin tháinig sé ar an tsaol isteach i gCineál Chonaill, clann ar shíolraigh rítheaghlach Uí Dhónaill astu.  Ba é Mánas Ó Dónaill a bhí i gceannas ar na saighdiúirí isteach go Cnoc an Bhogha, a bhí freagrach as leabhar tábhachtach a fhoilsiú ar bheatha Cholm Cille agus as déanamh tithe pobail a choimisiúnú i nGartán agus I gCill Mhic Réanáin, a bhfuil na ballóga s’acu ann go dtí an lá inniu.

 

Ar na himeachtaí eile atá pleanáilte tá ‘Ceiliúradh ar Bheatha agus ar Mhinistreacht Cholm Cille’ i Mainistir Cholm Cille i Rath Cnó, Gartán, Dé Domhnaigh 05 Meitheamh ar 3pm,  ag a mbeidh Easpag Eaglais na hÉireann ar Dhoire agus Ráth Bhoth, an Fíor-Oirmhinneach Andrew Forster agus ina mbeidh ceol agus gníomhaíochtaí do pháistí.

 

Rinne Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ‘Illuminating Colmcille / Léargas ar Cholm Cille’, leabhar dathúcháin le comóradh a dhéanamh ar cheiliúradh 1500 bliain Cholm Cille, leabhar ina léirítear cuid de na suíomhanna oidhreachta, na háiteanna, na réada agus na cartlanna a bhaineann le beatha agus oidhreacht Cholm Cille.  Agus muid ag tarraingt ar an Fhéile, táthar ag cur cóipeanna saor in aisce ar fáil sna leabharlanna áitiúla nó is féidir leat leagan digiteach a íoslódáil ag  www.donegalcoco.ie/heritage.  Dáileadh cóipeanna fosta ar gach ceann de na 23 bunscoil a ainmníodh as an Naomh ar fud an dá cheantar Comhairle.

 

D’eisigh Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall greannán maisithe iontach speisialta a rinne scoileanna i nDún nan Gall agus i nDoire i gcomhpháirt le Leabharlanna TÉ mar chuid de Thionscadal Bhéaloideas Digiteach Cholm Cille.  Amharcann an greannán ar dhóigh éadrom ar an bhéaloideas agus na fincéalta a bhaineann leis an naomh Chonallach. Tá cóipeanna ar fáil i leabharlanna áitiúla nó is féidir  leat  cóip a íoslódáil ag: Colmcille Comic

 

Beidh roinnt imeachtaí eile ann á stiúradh ag an phobal nó ag an eaglais le comóradh a dhéanamh ar an fhéile thábhachtach seo ar fud an Iarthuaiscirt lena n-áirítear seirbhísí creidimh ag eaglaisí áitiúla agus ag toibreacha beannaithe. Beidh tuilleadh eolais ar fáil ar leathanach Facebook Cholm Cille – www.facebook.com/Colmcille1500NW

Críoch

 

 

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO